Amhrán Feise Mhuigheó

Séamus Ó Maoildhia, An Sean-Ghaeilgeoir

Cluain Buadha, 1881-1928

Foillsigheadh an t-amhrán seo i dtosach sa gClaidheamh Soluis, Aibreán 23, 1903.

[Tógtha as Dánta agus Amhráin, 1940, Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais.]

I

Éist! Cluinim ins gach ceárda fuaim dheas bhog aoibhinn áluinn,
Mar cheolta binn’ na gcláirseach, nó crónán ceolta sídhe-
Éist! Tá sí ‘g éirghe ‘n-áirde, ag neartughadh ‘gus ag árdughadh,
Tá ‘n fhuaim ag éirghe láidir, ‘teacht chugainn ar an ngaoith;
Fan! Céard é seo ‘n ár dtimcheall ag ceoltóireacht ‘s ag siosgadh?
Bhfuil mearbhall ‘teacht ar m’intinn, nó’n aisling é an glór?
Ní headh! Ní headh, a cháirde, tá an ghuth seo ins gach ceárda!
Tá teanga bhinn ár máthar ag músgailt i Muigheó.

II

Tá fuaim bhog bhinn na Gaedhilge ag dúiseacht ó na sléibhtibh,
Tá lúth ‘teacht ina géagaibh ‘gus éirim ina croidhe,
Tá sgapadh ar na néaltaibh, tá ‘n brón a bhí ‘rri ‘g éalodh,
‘Gus solas geal na gréine ag taithneamh uirri ‘rís:
Tá a glór breágh aoibhinn uasal ag crónán in ár gcluasaibh,
Níos binne ná na cuacha, nó ceileabhar caoin na smól,
Tá teanga bhinn Naoimh Pádhraig le cloisteáil ar na bántaibh,
I logán agus ar árdán ar phlánaibh breagha Mhuigheó.

III

Éist! Cluinim glór ár máthar, go geanamhail is go grádhmhar,
Ag labhairt go múinte mánla is fiafruigheann sí d’á cloinn:-
“A’ gcluin sibh mé, a pháistí? Bhfuil truagh agaibh d’bhur máthair
Atá go buaidheartha cráidhte, gan modh gan meas gan suim?
An leigfidh sibh dom éagadh ar thalamh glas na hÉireann,
Nó ‘ndéanfaidh sibh mé ‘shéanadh ós coinne an tsaoghail mhóir?
Tá’n freagra ‘teacht go láidir – ní baoghal duit choidhche, ‘mháthair!
‘Gus beidh tú fós go bláthmhar ‘gus go spéireamhail i Muigheó!

IV

Tá’n t-óg agus an críonna ag músgailt suas go croidheamhail,
Tá deireadh leis an oidhche ‘gus sgapadh ar an gceó;
Tá mothughadh ‘teacht ‘sna daoinibh, ‘gus spioraid in a gcroidhthibh-
Ní bheidh siad feasta claoidhte, fá lionndubh ‘ná fá bhrón;
Tá ‘n seanóir craptha claoidhte go meadhreach is go siamsamhail,
Tá luthgháir ar a chrodhe ‘stigh, ‘gus tá sé ‘g éirghe óg;
Tá fear, bean, is páiste fá ríméad is fá áthas-
Tá teanga bhinn ár máthar ag músgailt i Muigheó.

V

Tá Muigheó in a dúiseacht, le dóchas is le dúthracht,
I bhfíor-thoseach na cúise le n-ár dteanga chur ar fághail,
Tá solas geal na Gaedhilge ag breacadh ar na spéarthaibh,-
Is binn é ceol na n-éanlaith ag fuagairt dúinn an lá;
Tá Craoibhín Eoghain Uí Ghramhnaigh anseo i mBéal Át’ hAmhnais
Go croíúil is go meabhlach ag crochadh a gcuid seól,
Tá’n Chraobh seo ‘na “réalt eolais” dár stiúradh is dár dtreorú
‘S cuirfear “bláth na hóige” ar an nGaeghilg i Muigheo!

Chuir Seán ‘Twin’ Mac Conmara ceol leis an dán seo agus taifeadadh é faoin teideal Teanga Bhinn Ár Máthar ag Scoil Acla i 2013. Cliceál thíos chun éisteacht leis an amhrán, agus anseo chun na focail athraithe a léamh.

Ina theannta sin, d’aistríodh an amhrán go Gaidhlig na hAlban (Teanga Binn mo Mhathair), agus thaifead an amhránaí thraidisiúnta Kathleen MacInnes leagan den amhrán. Cliceál thíos chun éisteacht leis an leagan sin.

Amhrán Feise Mhuigheo, le Séamus Ó Maoildhia

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Upcoming Events