Séamus Ó Maoildhia, Cluain Bua
Slíocht as Dánta agus Amhráin (Oifig an tSoláthair, 1940)
Cunntas faoi’n údar

Is i gCluain Bua i bparóiste Eanach Cuain, Co. na Gaillimhe, a rugadh Séamus Ó Maoildhia i mí Meán Fómhair sa bhliain 1881. Feilméar beag, bocht do b’ea a athair agus bhí ochtar eile clainne le tógáil aige ar thoradh a ghabháltais bhig talún. Ar an ábhar sin ní raibh sé i ndon tada a dhéanamh do Shéamus, sé sin, é do chur chuig Coláiste nó eile. ’Sé ar chaith sé ar scoil ariamh ceithre bliana, ach bhí meabhair ar leith ann.

Bhí an-mheas agus tóir aige ar an nGaeilig i gcónaí agus d’oibrigh sé go dúrachdach ar a son ó bhí sé i ndon scríobhadh agus léamh. Chuaigh sé go Bealach a’ Doirín ag múineadh faoi Connradh na Gaeilge sul má bhí sé scór blian. Chaith sé tuairim is ceithre bliana ag múineadh ar fud Mhuigheo, i Sligeach agus i Liathdroim. Bhí aitne air ar gach feis agus aeraíocht i gConnacht; bhí, agus ag an Oireachtas féin. Is iomaí duais a ghnóthaigh sé lena a chuid aistí, dánta agus óráideacha. Le linn an ama sin a chum sé an chuid is mó de na dánta atá san leabhar seo (Dánta agus Amhráin). Fuair sé bonn óir ar cheann acu ag Feis Chonnachta.

Ní raibh a bhualadh le fáil ag déanamh óráide. Bhí gramadach na Gaeilge go cruinn aige agus maidir le corra cainte bhíodar aige gan brabach ar bhárra a mhéar. Thug “An Craiobhín” féin suas dhó le blianta fada ó shoin. Dúirt sé go raibh sé ar dhuine de na cainnteoirí ba líofa agus ba bhlasta do bhí in Éirinn.

Is ioma sin scéal agus amhrán a bhailigh sé ó bhéal na sean-daoine agus a chuir sé chuig “An Chraoibhín” nuair a tosíodh ar athbheochaint na Gaeilge. Tógadh mar thimire ar Cumann na Talún é ós cionn deich mbliana fichead ó shoin agus doibrigh sé go dian, dúrachtach ar son na bhfeiméar ar feadh scór blian. Ní raibh paróiste ar fud an Iarthair nó ar fud Chonntae an Chláir nach raibh na seacht n-aithne ar Shéamus ann. Chaill sé an posta sin taréis Toghacháin Mhóir na bliana 1918 agus níor éirí leis aon phosta feilimh d’fháil ina dhiadh sin. Nuair a cuireadh “Cúrsaí Samhraidh” ar bun le haghaidh na múinteoirí, ceapadh mar oide é agus rinne sé obair mhaith ar son na Gaeilge.

Ba cheart go mbeadh cuimhne fós ag léitheóirí na bpáipéar ar na píosaí a scríobh “An Connachtach Béal-Bhinn” nó an “Sean-Ghaeilgeoir”. Bhí sé ag scríobh do’n Connacht Tribune go speisialta ar feadh fiche blian.

Faraoir! Tá Séamus bocht ag déanamh créafóige anois le deich mbliana. Fuair sé bás i gCluain Bua an 22ú lá de mheán an tSamhraidh sa mbliain 1928. Sólás na bhFlaitheas go dtuga Dia d’á anam. Tá mé buíoch don Athair S.S. MacSíocháin, C.I., Gaillimh, a chuidigh liom an leabhar seo a chur le chéile, agus do Chonnradh na Gaeilge a thug cead ath-chló a chur ar an dá amhrán (12, 13) a cuireadh faoi chló i dtosach sa “Claidheamh Soluis”.

Síghle Ní Mhaoildhia (deirfiúr), 1940.

Séamus Ó Maoildhia, Cluain Bú

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Upcoming Events