Míle fáilte chuig suíomh idirlín Cumann Oidhreachta Eanach Dhúin.
Bunaíodh an Cumann i 1996 chun stair, cultúr agus oidhreacht pharóiste Eanach Dhúin a thaifead agus a chosaint.
Sa bhosca thíos, is feidir leat liostáil ar ár liosta ríomhpoist chun nuacht an Chumainn a fháil.
Áit thar a bheith stairúil is ea Eanach Dhúin – ón sean-mháinistir agus an árdeaglais in aice Loch Coirib, go dtí Muileann an Chreig agus Teampall Cathail in oirthear an pharóiste, tá an ceantar lán le stair, cultúr agus béaloideas. Ina theannta sin, tá roinnt mhaith den cheantar suite i nGaeltacht an Eachréidh, agus tá ról lárnach ag an nGaeilge i saol na háite.
Má tá suim agat i stair agus cultúr na háite, cuirimid fáilte romhat a bheith i do bhall den Chumann. Iarraimid táille €5 sa bhliain chun tacú le gcostais an Chumainn.