Loading Events

« All Events

  • This event has passed.

Cleasa an Chrosáin: Amhráin agus Seanchas Sheosaimh Uí Éanaí

May 18, 2023 @ 8:00 pm - 9:30 pm

Sé “Cleasa an Chrosáin: Amhráin agus Seanchas Sheosaimh Uí Éanaí” an teideal ar an gcaint a thabhairfaidh An tOllamh Lillis Ó Laoire do Chumann Oidhreachta Eanach Dhúin ar an Deardaoin, 18ú Bealtaine ar 8 i.n. Beidh an léacht ar siúl sa Seomra Oidhreachta i Sean-scoil na gCailíní, Cor an Dola agus beidh sé ar Zoom.

Bhain Seosamh Ó hÉanaí (1919-1984) gradam National Endowment of the Arts amach ó Rialtas na Stát Aontaithe sa bhliain 1982. Sa gcaint seo, tabharfar cuntas ar an gcaoi ar éirigh leis an t-ómós sin a bhaint amach agus ar an oidhreacht amhránaíochta a chuir ar bhóthar na n-ealaíon é an chéad lá riamh.

Is ollamh pearsanta le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe é Lillis Ó Laoire. Rugadh agus tógadh é i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá an-spéis aige sa bhéaloideas, go háirithe san amhránaíocht. Tá leabhar scríofa aige ar an amhránaí mór le rá sean-nóis, Seosamh Ó hÉanaí. Is amhránaí cáiliúil ar an sean-nóis é féin. (https://www.universityofgalway.ie/our-research/people/languages-literatures-and-cultures/lillisolaoire/).

Lillis Ó Laoire is a personal professor in Irish at the University of Galway. He lectures in Folklore, Literature and Culture, including Ethnomusicology and carries out research in these areas. He has co-authored a book on the famous singer from Carna, Joe Heaney. (Seosamh Ó hÉanaí). Lillis himself is a renowned sean-nós singer.

The presentation will also be available on Zoom at https://us02web.zoom.us/j/4244845743.

Cleasa an Chrosáin: Amhráin agus Seanchas Sheosaimh Uí Éanaí

Details

Date:
May 18, 2023
Time:
8:00 pm - 9:30 pm