Tá sé i ngrianghraf aithnidiúil 1903 (i gcló ar chlúdach Na Timirí í ré tosaigh an Chonartha, 1893-1927, 1990 le Donncha Ó Súilleabháin) den naonúr timirí ba mhó cáil i gConradh na Gaeilge. Dúradh in An Claidheamh Soluis 2 Meán Fómhair 1911 go raibh 43 bliain d’aois aige, go raibh Gaeilge aige ón gcliabhán agus gur thug sé cabhair mhór do Dhubhghlas de hÍde nuair a bhí seisean i mbun amhráin Raiftearaí a bhailiú (‘He had a taste for poetry and gave An Craoibhín considerable assistance in collecting Raftery’s poems’). An t-aon Thomas Meehan a rugadh i bparóiste Eanach Dhúin ba é an duine é a saolaíodh i Seanchill 12 Samhain 1866 agus arbh iad Patrick Meehan, oibrí coitianta, agus Margaret Collins a thuismitheoirí. Faoin am a rugadh a n-iníon Julia 16 Bealtaine 1869 is talmhaí nó ‘landholder’ an cur síos ar shlí bheatha Phádraig. Feirmeoir, a raibh teach maith mór aige, a bhí ann faoi Dhaonáireamh 1901. Baintreach 67 bliana d’aois a bhí ann agus bhí Gaeilge aige.

Tá tuairim ag garchlann Thomáis gurbh i scoil scairte a cuireadh oideachas air. Deir siad freisin gur roghnaigh an tiarna talún nó a ghníomhaire é mar bhuachaill cliste arbh fhiú é go gcabhrófaí leis. Ar an gcuma sin a cuireadh go Baile Átha Cliath é chun gnó siopa páin a fhoghlaim. In Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1883, tá Thomas Meehan, 19 agus 20 Winetavern Street, i liosta na ndaoine a d’íoc táille na hirise. De réir threoirleabhar Thom ba le James White, ‘Banker, Goldsmith, Pawnbroker’ na tithe sin. Bheadh Tomás ina bhainisteoir ar thrí cinn de shiopaí páin ar ball.

Bhí sé sa láthair ag cruinniú den Chonradh ar 27 Meán Fómhair 1893 (Fáinne an Lae 12 Meitheamh 1926) agus bhí ina bhall de Chomhairle an Chonartha in 1894 (Ar son na Gaeilge, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Bhí sé sa láthair i nGaillimh nuair a bunaíodh an Conradh ann 25 Eanáir 1894 (Irisleabhar na Gaeilge, Feabhra 1894). Bhí sé sa chathaoir nuair a bhí cothrom céad bliain Eoghain Uí Chomhraí á chomóradh (idem 27 Samhain 1896). Ag cruinniú den Ard-Chraobh rinne sé dánta le Raiftearaí a reic—‘poems by a Galway poet named O’Rafferty’ (idem, Eanáir 1897). Bhí sé sa láthair nuair a bunaíodh Craobh Mhic Héil, ar do Chonnachtaigh í (An Claidheamh Soluis 23 Márta 1901). Tuairim 1898 phós sé Maggie McDermott as Baile an Róba. Bhí a muintir go maith as sa saol. D’éag sí ar 8 Deireadh Fómhair 1957 ag a teach i Seanchill, Cor an Dola, agus tá sí curtha i reilig Eanach Dhúin. Dúradh san fhógra báis go mba neacht í leis an Déan T.F. Ó Maicín, sagart paróiste Chlár Chlainne Mhuiris.

Bhí scéal i gcló ag Tomás (Taibhse an Phríosúin) in An Claidheamh Soluis 23 agus 30 Bealtaine 1903. Tarraingíonn Philip O’Leary ár n-aird air in The prose literature of the Gaelic Revival 1881-1921: ideology and innovation (1994) agus é ag áitiú go ndearna scríbhneoirí na Gaeilge faillí sna heachtraí staire agus na pearsana sin ar thug scríbhneoirí an Bhéarla in Éirinn spás dóibh: ‘For instance, Dublin’s long and eventful history—indeed the history of any important Irish town—is central in no Gaelic historical work with the exception of Tomás Ó Míodhcháin’s slight and chronologically imprecise 1903 story…’. D’fhógair An Claidheamh Soluis ar 7 Bealtaine 1903 go raibh Tomás ceaptha ina thimire i gConnachta. Deir Donncha Ó Súilleabháin in Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893-1927 (1990) gur thosaigh sé ag obair 24 Bealtaine faoi threoir Phádraic Uí Mháille i nGaillimh, Ros Comáin, Sligeach agus Maigh Eo. I nDeireadh Fómhair na bliana sin bhí sé ag teagasc agus ag scrúdú i >gClochar na Trócaire in Ailfinn (An Claidheamh Soluis 10 Deireadh Fómhair 1903). Oirthear na Gaillimhe agus Ros Comáin Thiar a bhí faoina chúram i 1904 (idem 13 Feabhra 1904). Cúpla mí ina dhiaidh sin bhí sé i gceantar Bhaile Chathail agus bhí cúnamh á thabhairt aige chun Feis Chaisleán an Bharraigh a eagrú (idem 9 Aibreán 1904). Ghluais sé as sin go Caisleán Riabhach agus thug isteach an clár dátheangach i 14 scoil i gceantar Bhaile an Róba, Partraí, Cunga, Fairche agus Tuar Mhic Éadaigh (idem 29 Deireadh Fómhair 1904). Tuairiscíodh 13 Bealtaine 1905 gurbh i gcathair na Gaillimhe a bhí a cheanncheathrúna. Bhí a ainm le litir ag iarraidh go dtabharfaí costais taistil d’iomaitheoirí ag an Oireachtas (idem 9 Nollaig 1905). Tuairiscíodh 10 Feabhra 1906 gur chuir sé agallamh ar an gCanónach Ó Maicín i dTuaim agus ar 31 Márta 1906 gur bhunaigh sé craobh ar an gCeathrú Rua. Bhí coiste ceantair á chur le chéile aige i mBaile an Róba agus léachtaí á dtabhairt aige i scoileanna an cheantair (idem 11 Meán Fómhair 1906). Thug sé tuairisc ar choiste ceantair Uí Maine cúpla mí ina dhiaidh sin agus is i mBaile Átha an Rí a bhí a cheann cheathrú (idem 8 Nollaig 1906). In Sinn Féin 1 Meitheamh 1907 bhí an píosa seo: ‘Tomás Ó Míodhcháin is at present working in Béal Átha na Sluaighe district, Co. na Gaillimhe. He visited the following schools last week: Béal Átha na Sluaighe, Dún an Ochta (Eyrecourt), Baile Labhráis, Áth Eascrach, Ceap an tSeagail, Baile Átha an Rí, Cluain Fearta, Fuarchoille agus scoil na hEaglaise. In all of these, with the exception of the Áth Eascrach and Eaglais schools and the boys’ school in Béal Átha na Sluaighe, he found no Irish being taught. The timthire is endeavouring to remedy this state of affairs and has started a class for school teachers in Béal Átha na Sluaighe. He has also a teachers’ class in Baile Locha Riach on Saturday’. Dar leis An Claidheamh Soluis 4 Iúil 1908 gur sa Chreagán a bhí sé lonnaithe agus go raibh labhartha aige féin agus an Athair Mac Branáin le cruinniú poiblí sa Chealtrach. As sin chuaigh sé go Gort (idem 31 Deireadh Fómhair 1908).

Nuair a d’éirigh Seán T. Ó Ceallaigh as a phost mar bhainisteoir ar An Claidheamh Soluis agus Irisleabhar na Gaedhilge cinneadh gan an post a líonadh go ceann sé mhí agus ceapadh Tomás mar locum tenens (idem 22 Bealtaine 1909). Glacadh lena thuarascáil ag an Ard-Fheis ach chuir an Dr Dónall Ó Loingsigh ina haghaidh. Níor thuig Tomás cad a bhí i gceist aige agus d’fhreagair gur tháinig feabhas mór ar an Claidheamh ó thosaigh seisean á stiúradh (idem 14 Lúnasa 1909).

Cinneadh ag cruinniú den Choiste Gnó i nDeireadh Fómhair, ag a raibh Tomás sa láthair, ar an bhfolúntas a phoibliú (idem 23 Deireadh Fómhair 1909). Ní raibh sé sa phost i ndiaidh Eanáir 1910. In An Claidheamh Soluis 2 Meán Fómhair 1911 tuairiscíodh go bhfuair sé bás i gCalifornia tamall de sheachtainí roimhe sin. Is é an t-eolas atá ag a gharchlann gur fostaíodh é mar mheasúnóir in California toisc taithí a bheith faighte aige ar ghnó an óir, go scríobhadh sé litreacha abhaile chuig a bhean, agus gur dúnmharaíodh é nuair a thug meirligh fogha faoin oifig measúnaithe. Ghlac an Coiste Gnó le rún comhbhróin inar tagraíodh do ‘ár seanchara Tomás Ó Míodhcháin do rinne cion fir ar thaobh na Gaeilge ó thosach na hoibre seo agus do chaith tréimhse ina dhiaidh sin ina thimire againn’ (idem 23 Meán Fómhair 1911).

Nuair a bhí Daonáireamh 1911 á dhéanamh bhí a bhean ina cónaí i dteach athair a céile i Seanchill. Ba iad a bhí ann: Patrick (75), feirmeoir, arbh aige amháin a bhí Gaeilge; bean a mhic, Margaret (33) a bhí pósta le 13 bliana; agus an cúigear leanaí a rugadh di féin agus Tomás—Mary Margaret (8), Brendan (8), Thomas (6), Julia (4), Myles (1). D’fhéach muintir na máthar chuige go gcuirfí oideachas orthu go léir.

Is iad na hamhráin a thug sé don Chraoibhín: ‘Cill Aodáin’, ‘Seanchas na Sceiche’ agus an ‘Cholera morbus’ (Abhráin atá leagtha ar an Reachtúire, 1903). I dtaobh ‘Cill Aodáin’ is é a scríobh an Craoibhín: ‘Fuair mé an dán seo ar dtús óm’ chara Tomás Ó Míodhcháin ó chóip do scríobhadh síos timpeall 20 bliain ó shin ó bhéal seanduine bhoicht dar b’ainm Micheáilín Ó Cléirigh do bhíodh ag gabháil timpeall na tíre ag iarraidh déirce’. I nóta ar ‘Eanach Dhúin’ in Raiftearaí: amhráin agus dánta (1987) deir Ciarán Ó Coigligh: ‘Luaitear cailín de mhuintir Mhíocháin as Seanchill i scéal an bhá ar cheirnín eile de chuid Roinn Bhéaloideasa Éireann’. I gclár na mbailitheoirí in Clár Amhrán Bhaile na hInse, 1976 le Ríonach Ní Fhlaitheartaigh deirtear gur bhailigh Breandán Ó Míodhcháin, Seanchill, Cor an Dola, scór amhrán.

Alt scríofa ag Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú, agus foilsithe ar ainm.ie.

Tomás Ó Míodhcháin, An tSean Chill (1866-1911)

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.

%d bloggers like this: