Eanach Dhuín na Manach agus sa Meánaois

Scríofa ag Jessica Cooke agus aistríthe ag Evelyn Stevens

B’í mainistir mheánaoiseach agus easpagóideacht Eanach Dhúin tráth an t-aonad eaglaisiúil is tábhachtaí (seachas Arddeoise Thuama) i gConnacht. Bunaíodh an mhainistir timpeall 550 AD ag Naomh Bréanainn agus a dheirfiúr Naomh Briga i gceantar nach raibh mórán eolais faoi – Delbhna Cuil Fabhair, ar bhruach theas-thoir Loch Coirib.
Tar éis 800, ghabh Uí Briúin Seóla, sinsir Uí Fhlaithbertaigh, seilbh ar an gceantar seo, Magh Seola (Barúntacht an Chláir níos deireanaí). Mhéadaigh cumhacht Eanach Dhúin, go dtí gur mealladh dhá ord mainistreach, na Arrouaisians agus na Premonstratensians, ón Mhór-roinn sa dara céad déag, agus gur éirigh sé i dtabhacht taréis 1179 go dtí go raibh sé mar cheann de chúig easpagóideacht Chonnachta.

Ó chlé go dhéis: An caisleán 15ú aoiseach; suirbhe ar Mhainistir na Arrouaisians; leagan amach na fothracha mar atá siad inniu

Cé gur throid an t-easpagóideacht ar feadh i bhfad chun cur in aghaidh ionsú ag Ard-deoise Thuama, d’éirigh go maith leis an mhainistir go dtí gur rinneadh lánscor uirthi sa 16ú haois. Tugann cartlann pápach le fios gurb iad an brainse Uí Mheallaig de na Uí Fhlaithbertaigh a bhí sna fir eaglasta oidhreachtúil Eanach Dhúin.

Go luath san 13ú céad bhí an t-Easpag Murchad O’Flaithbertaig ag feidhmiú mar bhreitheamh pápach agus ag iniúchadh cur isteach na Normanaigh i ndeoisí Éireannacha. B’fhéidir mar gheall ar a chuid oibre thóg sé (nó chuir caoi ar) cloigtheach in Eanach Dhúin i 1238. B’é seo an ceann deireanach d’fhoirgneamh chomh lán-Ghaelaí a tógadh riamh.

An Tírdhreach Meánaoiseach

Tá tírdhreach meánaoiseach Eanach Dhúin coinnithe níos fearr ná is gnách. Chomh maith leis an dá abtheach, tá fothracha an imfhálú mainistreach, an sean aireagal, eaglais pharóiste ársa ina bhfuil sampla iontach dealbhóireachta Hiberno-Romanesque sa bhfuinneog oirthearach, agus stumpa an chloigtheach. Sa timpeallacht tá teach an easpaig (12ú haois) agus a chomharba, an caisleáin ón 15ú haois, linn éisc na manaigh agus cabhsa, toibreacha naofa Naomh Bréanainn agus Naomh Cormac, agus an lios/ráth/dún atá luaite sna hannála mar shuíocháin Uí Flaithbertaigh. Is dócha gur eascair an t-ainm Eanach Dhúin ó’n dún seo.

Thuas ar chlé: An fhuinneog oirthearach athshocraithe san eaglais paróiste; thíos ar chlé: doras dídhíolamtha i Mainistir na Arrouaisians; ar dheis: leagan amach an tírdhreach meánaoiseach.

Bealoideas

Ní amháin an tírdreach meánaoiseach atá coinnithe chomh maith sin in Eanach Dhúin; tá cuimhní cinn ag na daoine ar a mainistir cháiliúil. Tá an béaloideas seo caomhnaithe sa gcartlann sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Bailíodh an béaloideas sa gceantar tri mheán na scoile náisiúnta agus ó mhuintir na háite taréis don stáit neamhspleáchas a bhaint amach. Tá tuairiscí faoi thoibreacha naofa Naomh Breanainn agus Naomh Cormaic chomh maith le Tobar Naomh Briga (a bhfuil caillte inniu), agus a bpatrúin. Chomh maith leis sin tá scéalta faoi na manaigh ag ceannacht ábhair ón Dún. Cé go bhfuil cuntais sna hannála gur tháinig 60 long Lochlannacha thart ar 929-30 AD agus gur scrios siad na mainistir thart ar Loch Coirib, is sa bhéaloideas amháin atá scéal faoi dhá long Lochlannacha atá ina luí, is cosúil, ar ghrinneall na locha gar don mhainistir.

Is ábhar beo fós sa gceantar béaloideas faoi stair na mainistreach, is féidir le seanóirí an cheantair áitreamh ‘pálas an easpaig’, ‘cosán an easpaig’ agus ‘linn éisc na manaigh’ a aithint.

Cur síos ar Loch Coirib le Seán Ó Murchadha, SN Eanach Dhúin, i mBailiúchán na Scoile. Luaitear dhá seanbhád – ‘ceann aca i n-aice Oileán an Aol agus ceann taobh amuigh den Céibh’ – mar fhíanaise go raibh na Lochlannaigh ar an loch.
Eanach Dhuín na Manach agus sa Meánaois

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Upcoming Events